The New Baby
New Baby >
The New Baby
The New Baby

Níl mórán gruaige uirthi. Tá ceann maith gruaige air.
[Tá cuid mhór gruaige air.]
Tá sé ag síneadh anois.
[Tá sé á shíneadh féin anois.]
Bíonn gach leanbh mar sin nuair a thagann siad ar an saol.
[Bíonn gach leanbh mar sin nuair a saolaítear iad.]
Tabhair thusa deoch dho teidí agus mise ag tabhairt buidéil dho do dheirfiúr beag.
Tabhair thusa deoch dho teidí agus mise ag tabhairt buidéil dho do dheartháir beag.
[Tabhair thusa deoch do teidí agus mise ag tabhairt brollach don pháiste.]
Tabhair thusa deoch don teidí fhad is atá mise ag cothú an linbh.
Tabhair thusa deoch don teidí fhad is atá mise ag tabhairt deoch bhainne do do dheirfiúr bheag.
[Tabhair thusa deoch don teidí fhad is atá mise ag tabhairt deoch bhainne do do dheartháir beag.]
Tabhairse deoch do theidí agus mise ag tabhairt na cíche do do dheirfiúr bheag.
Tabhairse deoch do theidí agus mise ag tabhairt buidéil don leanbh.
[Tabhairse deoch do theidí agus mise ag tabhairt na cíche do do dheartháir beag.]
[Tabhairse deoch do theidí agus mise ag tabhairt deoch bainne don leanbh.]
Téir agus tabhair cupa an linbh chugham ón gcuisneoir.
[Téir agus tabhair cupa an bhabá chugham ón gcuisneoir.]
Don't waken her!
Don't waken her!
Ná fuil a pluicín ana-bhog!
Féadfair an pram a luascadh más maith leat.
Dein go deas bog é.
[Féadfair an bugaí a luascadh más maith leat.]
D’iarraidh í a shuaimhniú atánn tú, níleann tú d’iarraidh í a chaitheamh amach as!
[Tánn tú d’iarraidh í a shocrú síos, níleann tú d’iarraidh í a chaitheamh amach as!]
Tá sé sin go breá anois. Maith an ghirseach!
[Maith an gasúr!]
Where are the nappies?
Where are the nappies?
Tá gríos clúidín uirthi.
Cuireann an clúidín gríos ar a tóinín uaireanta.
[Tá gríos clúidín air.]
Cuireann muid púdar air sa dóigh is go dtriomóidh sé go gasta.
Titfidh sé dó nuair a bheas sé uilig triomaithe.
[Titfidh sé de nuair a bheas sé triomaithe suas.]
Bhíodh an leanbh ag fáil bia tríd an tsrincne nuair a bhí sí istigh sa bhroinn.
[Bhíodh an leanbh ag fáil cothú tríd an tiúb sin nuair a bhí sí istigh sa bhroinn. / Bhíodh an leanbh á cothú nuair a bhí sí istigh sa bhroinn.]
Tarraing óna chéile iad.
[Tarraing as a chéile iad.]