The sea
The World Outside >
The sea
The sea

Tá an fharraige ina clár inniu. Tá an fharraige socair inniu.
[Tá an fharraige ciúin inniu.]
Bhí gealach nua ann aréir agus tá sé ina mhallmhuir.
[Bhí ré nua ann aréir.]
Tá sé ina lag trá anois.
[Tá sé ina lag trá faoi láthair.]
[D’fhág an taoille snáth mara go hard ar an gcladach.]
[D’fhág an lán mara marc ard ar na duirlingí.]
[D’fhág an lán mara marc ard ar an trá.]
Tá na tonna ag briseadh ar na carraigeacha ar an taobh thiar den chamas.
[Tá na tonna ag briseadh ar na carraigeacha ar an taobh thiar den ché. / Tá na tonnaí ag briseadh ar na carraigeacha ar an taobh thiar den phort.]
Tá cúrán ar an bhfarraige.
[Tá cúr ar an bhfarraige.]
Fuaireas crosóg mhara caillte.
[Fuaireas crosóg mhara seargtha.]
Beidh breac againn fá choinne an dinnéara.
Ballán, murlas, trosc, bradán, deargóg, hadóg, faoitín, breac.
[Beidh iasc againn fá choinne an dinnéara.]
Beidh iasc againn i gcomhair an dinnéir.
Ballach, maicréal, trosc, bradán, mangach, cadóg, faoitín, breac.
[Beidh breac againn i gcomhair an dinnéir.]