Faoi Gaschaint

Tosaíodh GASCHAINT i Scoil Naithí, Dún Droma, Co. Bhaile Átha Cliath i 1995 le cúnamh a thabhairt do thuismitheoirí na ndaltaí Gaeilge nádúrtha a labhairt lena gclann. Cuireann GASCHAINT béim ar leith ar fhoghraíocht agus ar rithim chainte na Gaeilge. Déantar iarracht an focalstór a leathnú agus comhréir na Gaeilge a fheabhsú freisin. Ní mar chúrsa bunúsach Gaeilge a ceapadh í, ach mar áis do thuismitheoirí a bhíonn ag iarraidh tuismitheoireacht a dhéanamh trí Ghaeilge.

Oireann GASCHAINT do thuismitheoirí a d’fhoghlaim an Ghaeilge ar scoil, ach atá as a cleachtadh i láthair na huaire agus nach mbíonn ar a gcumas freastal ar ranganna rialta.
Is as an tionscadal GASCHAINT a d’fhás an leabhar seo, Gaschaint. Is leabhar frásaí Gaeilge-Béarla é, ina bhfuil frásaí samplacha as réimse teanga na tuismitheoireachta. Tugtar rogha canúna de na trí mhórchanúint – canúint Chonnacht, canúint na Mumhan agus canúint Uladh, le go mbeidh fáil ag tuismitheoirí ar leaganacha canúna na dtuismitheoirí eile, le go dtuigfidh siad a chéile, agus le go mbeidh sé soiléir go bhfuil rogha focal agus leaganacha éagsúla canúna sa Ghaeilge mar atá i ngach teanga.  Ar mhaithe le cruinneas cainte tá foireann dlúthdhioscaí, agus fuaimrian na bhfrásaí orthu, ag gabháil leis an leabhar. Moltar don fhoghlaimeoir an chanúint is gaire don chanúint a bhfuil cleachtadh aige/aici uirthi a roghnú as leaganacha canúna Chonnacht, na Mumhan agus Uladh. Ní caint a bheas ann go labhraítear í nó go n-éisteofar léi, agus cuireann an dlúthdhiosca leaganacha labhartha samplacha ar fáil. Ar ndóigh is féidir an abairt chéanna a rá ar go leor bealaí agus ní bhíonn ar an dlúthdhiosca ach eiseamláir amháin as an réimse sin ar fad.

Moltar do na tuismitheoirí éisteacht leis na dlúthdhioscaí go minic, le go ngabhfaidh tuin, foghraíocht agus rithim na Gaeilge labhartha i bhfeidhm ar an gcluais. Ós rud é go bhfuil thart ar 72 fóinéim (fuaimeanna cainte) sa Ghaeilge agus thart ar 44 sa Bhéarla, bíonn an éisteacht sin riachtanach i dtús báire le go mbeidh tuismitheoirí in ann idirdhealú idir na fuaimeanna éagsúla. Is féidir tosú ar an gcleachtadh cainte ar bhonn níos cinnte ina dhiaidh sin, toisc an 28 fóinéim bhreise a bheith insealbhaithe de bharr na héisteachta.

Is é bunús an chláir foghlama a leanann na tuismitheoirí, na topaicí atá liostaithe sa Chlár, lgh. 4-6.  Thángthas ar an liosta topaicí sin de bharr ionchur (teangeolaíoch) na dtuismitheoirí i mblianta tosaigh an tionscadail. Tá na topaicí neamhspleách ar a chéile. Mar sin ní gá tosú ag tús na dtopaicí, ach ag pé topaic a oireann don tuismitheoir. Gabhann rogha abairtí le gach topaic. Moltar do na tuismitheoirí gan ach na habairtí is oiriúnaí dóibh féin, na cinn is gaire dá stíl tuismitheoireachta féin, a roghnú le cleachtadh, agus barr feabhais a chur ar fhoghraíocht agus ar rithim na n-abairtí sin.

Tá súil agam go ndéanfaidh GASCHAINT éascaíocht do thuismitheoirí atá ag iarraidh Gaeilge a thabhairt dá gclann. Tá súil agam go mbainfidh múinteoirí a bhíonn ag múineadh Gaeilge do thuismitheoirí leas as freisin.

Úna Lawlor

 

An tÁbhar Taifeadta


Taifeadadh: Stiúideo na Life
Léiriú: Éamonn Ó Dónaill
Innealtóir Fuaime: Al Cowan

Cainteoirí:

  • Cúige Chonnacht: Mairéad Ní Chéide, Peadar Ó Ceannabháin
  • Cúige Uladh: Carla Ní Chléirigh, Aodán Ó Cearbhaill
  • Cúige Mumhan: Eibhlín Conway, Tadhg Ó Lionaird