Search
Topics
Phrases
Féadfaidh sibh breathnú ar Poochini, ach caithfidh sibh é a chasadh dhó ansin.
Thig libh amharc ar Poochini ach caithfidh sibh é a chur dó ansin.
Féadfaidh sibh féachaint ar Angela Anaconda ach caithfidh sibh é a mhúchadh ansan.
Féadfaidh tusa iad a bhaint ó chéile más maith leat.
Thig leatsa iad a bhaint as a chéile más mian leat.
Féadfairse iad a bhaint ó chéile más maith leat.
Féadfaidh sibh spraoi taobh amuigh. Féadfaidh sibh spraoi sa ngarraí go dtí go mbeidh sé in am…
Thig libh súgradh taobh amuigh go dtí go mbeidh sé in am ithe.
Féadfaidh sibh imirt amuigh. Féadfaidh sibh imirt sa ghairdín go dtí go mbeidh sé in am bia a…
Féadfaidh sibh éadromóg a bheith agaibh nuair a bheas sibh réidh.
Thig leat éadromóg a bheith agat ina dhiaidh.
Féadfair éadromóg a bheith agat ina dhiaidh.
Níl sé ite fós agat? Ceart go leor, féadfaidh tú é a thabhairt leat chuig an gclós.
Níl sé ite go fóill agat? Ceart go leor, thig leat é a thabhairt leat go dtí an clós.
Níl sé ite fós agat? Tá go maith, féadfair é a thabhairt leat go dtí an gclós.
Nach bhfuil a pluicín an-bhog!
Féadfaidh tú an pram a bhogadh más maith leat. / Féadfaidh…
Nach bhfuil a cuid pluc iontach bog!
Thig leat an bugaí a bhogadh más maith leat.
…
Ná fuil a pluicín ana-bhog!
Féadfair an pram a luascadh más maith leat.
Dein go deas…
Gabhfaidh muid go dtí an siopa agus féadfaidh sibh an maisiúchán is deise libh a roghnú.
Rachaidh muid chun an tsiopa agus thig libh an maisiúchán is fearr libh a phiocadh.
Raghaimid go dtí an siopa agus féadfaidh sibh an maisiúchán is fearr libh a roghnú.
Rinne mé cáca spúinse le huachtar. Féadfaidh tú píosa cáca le uachtar a bheith agat ina dhiaidh…
Rinne mé cáca spúinse le huachtar. Thig leat píosa cáca spúinse a bheith agat ina dhiaidh.
Dheineas císte spúinse le huachtar. Féadfair píosa a bheith agat ina dhiaidh.
Osclóidh mé na cuirtíní, agus féadfaidh tú fanacht chúig nóiméad eile ar an leaba sula n-éirí tú…
Fosclóidh mé na cuirtíní, agus thig leat fanacht sa leabaidh cúig bhomaite eile sula n-éiríonn…
Osclód na cuirtíní, agus féadfaidh tú fanacht cúig nóiméad eile sa leaba sara n-éireoidh tú.
Féadfaidh tú greim a choinneáil ar a láimhín más maith leat.
Thig leat greim a fháil ar a lámh bheag más maith leat.
Féadfaidh tú greim a choimeád ar a lámh bheag más maith leat.
Féadfaidh tú an tseilf a shocrú, más maith leat.
Thig leat an tseilf a dhéanamh néata, más mian leat.
Féadfaidh tú an tseilf a ghlanadh suas, más maith leat.
Féadfaidh tú briosca a bheith agat tar éis do dhinnéir.
Thig leat briosca a bheith agat i ndiaidh do dhinnéara.
Féadfaidh tú briosca a bheith agat tar éis do dhinnéir.
Féadfaidh tú briosca nó úll a bheith agat ina dhiaidh.
Thig leat briosca nó píosa toirtín úll a bheith agat ina dhiaidh.
Féadfair briosca nó píosa de thoirtín úll a bheith agat ina dhiaidh.
Féadfaidh tú do rogha T-léine a chaitheamh seachas an ceann sin.
Tá sí sin brocach.
Thig leat T-léine ar bith a chur ort ach amháin an ceann sin. /
Tá sí sin salach.
Féadfair do rogha T-léine a chaitheamh seachas an ceann san. /
Tá sí sin salach.
Ansin déarfaidh sibh “A mhic tíre, a mhic tíre, cén t-am é?” aríst, agus b’fhéidir go…
Ansin deireann sibh, “A mhic tíre, a mhic tíre, cén t-am atá sé?” aríst, agus b’fhéidir go…
Ansan deireann sibh “A mhic tíre, a mhic tíre, cén t-am é?” arís, agus b’fhéidir go bhfreagródh…
Féadfaidh sibh taoschnó a bheith agaibh nuair a bheas sibh réidh.
Thig leat taoschnó a bheith agat ina dhiaidh.
Beidh cead agat taoschnó a bheith agat nuair a bheir ullamh.
Féadfaidh tú é a bhaint díot má bhíonn tú róthe.
Thig leat é a bhaint duit má bhíonn tú róthe.
Féadfair é a bhaint díot má bhíonn tú róthe.
/ Féadfaidh tú é a bhaint díot má bhíonn tú…
Faigh an tuáille anois.
Féadfaidh tusa í a thriomú.
Faigh an tuáille anois.
Thig leat í a thriomú.
Faigh an tuáille anois.
Féadfairse í a thriomú.