Obair (pháirtaimseartha)
Obair Tí >
(Part time) working
Obair (pháirtaimseartha)
Is maith liom dul amach i dtreo is go mbuailfead le daoine eile.
[Is maith liom dul amach ag obair i dtreo is go mbeidh comhluadar daoine eile agam. / Is maith liom dul amach ag obair i dtreo is go gcasfad le daoine eile.]
Bíonn sé róshuaimhneach anseo agus tusa ar scoil.
[Bíonn sé róshuaimhneach anseo agus sibhse ar scoil.]
Bíonn sé róchiúin anso nuair a bhíonn tusa ar scoil.
[Bíonn sé róchiúin anso nuair a bhíonn sibhse ar scoil.]
Ní maith liom a bheith ag iarraidh airgid ar Dhaidí i gcónaí.
[Ní maith liom a bheith ag iarraidh airgid ar Mhamaí i gcónaí.]
Ní maith liom a bheith ag lorg airgid ar Dhaid i gcónaí.
[Ní maith liom a bheith ag lorg airgid ar Mham i gcónaí.]
Postroinnt atá ar siúl agam.
[Táim ag roinnt poist.]
Tá mo phost roinnte idir mé féin agus duine eile.
[Roinnim mo phost le duine eile.]
Déanann an duine eile an obair nuair a bhíonn mé anseo leatsa.
[Déanann mo pháirtí oibre, an duine eile, an obair nuair a bhíonn mé anseo libhse.]
Déanann an duine eile an obair nuair a bhím anso leatsa.
[Déanann mo pháirtí oibre, an duine a roinnim an post léi, déanann sí sin an obair nuair a bhím anso libhse.]
Roinntear airgead na hoibre go cothrom eadrainn.
[Roinntear an tuarastal don phost go cothrom eadrainn.]
[Bím in ann bheith libh cuid mhaith den am.]
[Bím ábalta a bheith in éineacht libh cuid mhaith den am.]
Déanaim mo chuid oibre ar an ríomhaire.
[Oibrím le ríomhaire.]