Tabhair agus Déan!" / "Faigh ar ais é!
Forchailliúint
Each child gives up something they are wearing – a shoe, a hairslide, a jumper.
Tugann chuile ghasúr suas rud a bhaineann leo – maoin phearsanta éicint, bróg, sleamhnán gruaige, geansaí.
Bheireann achan pháiste suas rud leo – maoin phearsanta inteacht – bróg, sleamhnán gruaige, geansaí, mar shampla.
Tugann nach aon pháiste suas rud a bhaineann leo – maoin phearsanta éigint – bróg, sleamhnán gruaige, geansaí.
They have to do a deed (e.g. hop on one leg or sing a song, or do a dance, etc.) to get back their property.
Caithfidh siad gníomh éicint a dhéanamh, mar shampla, preabadh ar leathchois nó amhrán a chasadh, nó damhsa a dhéanamh, le haghaidh a maoin a fháil ar ais.
Caithfidh siad rud inteacht a dhéanamh, mar shampla, preabadh ar leathchois nó amhrán a cheol, damhsa a dhéanamh, agus mar sin de, chun a maoin a fháil ar ais.
Caithfidh siad gníomh éigint a dhéanamh, mar shampla, preabadh ar leathchois nó amhrán a chasadh, damhsa a dhéanamh, agus araile, chun a maoin a fháil ar ais.