"Blaiseadh"
Have some saucers ready containing different foods – ketchup, mustard, butter, jam etc.
Cuir cineálacha éagsúla bia ar phlátaí beaga – citseap, mustard, im, subh agus araile.
Cuir cineálacha éagsúla bia ar phlátaí beaga – citseap, mustard, im, subh, agus mar sin de.
Cuir bianna éagsúla ar phlátaí beaga – citseap, mustard, im, subh, agus araile.
Blindfold the children. Ask them to taste the foods in the saucers and to guess what they are.
Cuir púicín ar na gasúir. Iarr orthu blaiseadh den bhia agus tomhas céard é féin.
Cuir púicín ar na páistí. Iarr orthu an bia uilig a bhlaiseadh agus tomhas cad é atá ann.
Cuir púicín ar na leanaí. Iarr orthu na bianna a bhlaiseadh agus buille fé thuairim a thabhairt ar cad iad féin.