Peil
Caid / Peil Ghaelach
There will be two teams. The Birthday Boy will pick one team and Dara will pick the other.
Beidh dhá fhoireann ann. Piocfaidh buachaill an lá breithe foireann amháin agus piocfaidh Dara an fhoireann eile.
Beidh dhá fhoireann ann. Piocfaidh an gasúr a bhfuil a lá breithe ann foireann amháin agus piocfaidh Dara an fhoireann eile.
Beidh dhá fhoireann ann. Piocfaidh an buachaill arb é a lá breithe é foireann amháin agus piocfaidh Dara an fhoireann eile.
(Who will be the goalie?) / Here is one goal … and here is the other. I’ll throw in the ball.
Seo cúl amháin … agus siod é an cúl eile. Caithfidh mise isteach an liathróid.
Seo cúl amháin … agus seo an cúl eile. Caithfidh mise isteach an liathróid.
Cé a bheidh ina bháireoir? / Cé a bheidh ina báireoir? Seo báire amháin … agus seo an báire eile. Caithfeadsa isteach an chaid.